Skip to main content

Máirtín Ó Direáin - Fathach File / Reluctant Modernist

Dráma an tSaoil Seo: An Taibhdhearc / The Drama of this Life: An Taibhdhearc

Dráma an tSaoil Seo: An Taibhdhearc

Ní raibh Máirtín i bhfad i nGaillimh nuair a tháinig an tOllamh Liam Ó Briain isteach chuig oifig an phoist agus d’fhiafraigh de, “An as Árainn thú?”

Bhí Mícheál Mac Liammóir agus Hilton Edwards díreach tagtha go Gaillimh le hamharclann Ghaeilge nua, An Taibhdhearc, a thosú, agus bhí ábhair aisteoirí á n-earcú acu. Cé nach raibh aon taithí aisteoireachta ag Máirtín, fuair sé páirt sa chéad dráma riamh, Diarmuid agus Gráinne, a léiríodh sa Taibhdhearc ar 27 Lúnasa 1928. Ba é sin an lá freisin ar thug Sean-Phádraic Ó Conaire iarraidh ar óráid a thabhairt ón stáitse díreach roimh an dráma.

Ba iomaí dráma inar ghlac Máirtín páirt ina dhiaidh sin. Thuill sé an phríomhpháirt fhireann, páirt Naoise, sa dráma, Deirdre an Bhróin, aistriúchán le Liam Ó Briain ar an mbundráma le Synge.

Bhí Siobhán Nic Cionnaith, a bhain clú agus cáil amach di féin mar aisteoir stáitse agus scannán, mar chomhaisteoir ag Máirtín. Bhí páirt ag an scríbhneoir clúiteach Walter Macken freisin sa dráma Grádh na Spréidhe (Sovereign Love) le T. C. Murray a d’aistrigh Máirtín go Gaeilge agus a léiríodh sa Taibhdhearc in Eanáir 1937.

Ba é An Taibhdhearc a chothaigh an spéis mhór a bhí ag Máirtín sa drámaíocht ar feadh a shaoil. B’fhacthas dó níos deireanaí, mar is léir ón litir thíos, nach raibh An Taibhdhearc ag freastal ar phobal na Gaeltachta, áfach.

The Drama  of this Life:  An Taibhdhearc

Máirtín wasn’t long in Galway when Professor Liam Ó Briain, who was scouting for actors, approached him in the post office and asked, “Aren’t you from Aran?”

Mícheál Mac Liammóir and Hilton Edwards had just come to Galway to begin a new Irish language theatre, An Taibhdhearc, and were recruiting budding young actors. Despite having no previous acting experience, Máirtín was given a part in the inaugural production of Diarmuid agus Gráinne in An Taibhdhearc on 27 August 1928. This was also the day when SeanPhádraic Ó Conaire, one of the most significant writers of the period, made an impromptu speech on stage before the performance.

Máirtín subsequently appeared in numerous productions at An Taibhdhearc. He earned the lead male role in the 1931 production of Deirdre an Bhróin [Deirdre of the Sorrows] which was a translation by Liam Ó Briain of Synge’s renowned play.

Máirtín acted alongside Siobhán McKenna, who later became a famous stage and screen actress. The distinguished writer Walter Macken also played a role in Máirtín’s translations of T. C. Murray’s Sovereign Love, which was performed in An Taibhdhearc in January 1937.

An Taibhdhearc inspired in Máirtín a lifelong passion for theatre. He later felt, however, that An Taibhdhearc was not catering for the people of the Gaeltacht.