Nótaí Taighde Dhonncha Uí Shúilleabháin / Research Notes of Donncha Ó Súilleabháin

Item

Title

Nótaí Taighde Dhonncha Uí Shúilleabháin / Research Notes of Donncha Ó Súilleabháin

Description

Baineann an tsraith seo le hobair thaighde Dhonncha Uí Shúilleabháin, ar fear é a chaith blianta fada i gConradh na Gaeilge (CnaG) agus a bhí ina Ard-Rúnaí ar an eagraíocht in 1959 agus ina Uachtarán ar an Oireachtas an bhliain chéanna. Scríobh sé roinnt leabhar faoi CnaG, ina measc “Scéal an Oireachtais”, “Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917”, “Na Timirí i ré tosaigh an Chonartha” agus “Cath na Gaeilge sa Chóras Oideachais 1893-1911”. Tá go leor den taighde a rinne sé do na leabhair sin le fáil sa tsraith seo. Rinneadh foroinnt ar an tsraith seo bunaithe ar thopaicí a chuid taighde, agus ina measc tá luathstair Chonradh na Gaeilge; An Claidheamh Soluis [céad nuachtán CnaG]; an Ard-Fheis [comhdháil bhliantúil CnaG]; an tOireachtas; Drámaíocht; Oideachas; timirí agus teagascóirí taistil; [CnaG i] Londain; agus Pádraig Mac Piarais. Comhfhreagras agus gearrthóga is mó atá inti. Baineann foshraith eile leis an tréimhse ama a chaith sé mar Ard-Rúnaí agus is comhfhreagras atá i gceist leis sin.

Bailitheoir ephemera agus grianghraf a bhain le CnaG a bhí in Ó Súilleabháin chomh maith. D’úsáid sé iad ina chuid leabhar agus tá siad scaipthe anois fud fad an bhailiúcháin.

*****

This series relates to the research work of Donncha Ó Súilleabháin, a long serving member of Conradh na Gaeilge (CnaG) who became General Secretary of the organisation in 1959 and President of the Oireachtas the same year. He wrote several books on CnaG including “Scéal an Oireachtas”, “Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917”, “Na Timirí: Ré tosaigh an Chonartha” and “Cath na Gaeilge sa Chóras Oideachais 1893-1911” and much of his research for those books can be found in this series. This series is subdivided into topics of his research including early history of Conradh na Gaeilge; An Claidheamh Soluis [CnaG’s first newspaper]; Ard-Fheis [CnaG’s annual congress]; Oireachtas; Drama; Education; organisers and travelling teachers; [CnaG in] London; and Patrick Pearse and primarily consists of correspondence and cuttings. A final subseries relates to his time as General Secretary and consists of correspondence.

Ó Súilleabháin also actively gathered old CnaG ephemera and photographs for use in his books which have since been scattered across the collection.

Publisher

NUI Galway Library Archives

Identifier

G60/24