Fáilte! Féachann an miontaispeántas seo le spléachadh a thabhairt ar a bhfuil i gcartlann Chonradh na Gaeilge in OÉG. Tá cur síos ar an mbailiúchán níos faide síos ar an leathanach seo.  Faoin táb Leagan amach tá míniú ar an gcaoi ar leagadh amach ábhar an bhailiúcháin ina 45 sraith. Faoin táb Sraitheanna is féidir leat gach ceann de na 45 sraith a bhrabhsáil agus cur síos gairid a fháil orthu. Sa chás go bhfuil catalógú déanta ar shraith agus í ar oscailt don phobal, beidh nasc sa chur síos a thabharfaidh chomh fada leis an gcatalóg féin thú.

Welcome! This mini exhibition is designed to give you an overview of the Conradh na Gaeilge archive in NUIG. Further down this page, you will find a general description of what is in the collection. The Arrangement tab explains how material in the collection is arranged into 45 series. The Series tab allows you to browse each of the 45 series for a brief description. Where a series has been catalogued and released to the public, a link to the more detailed catalogue will be included in that description.

Bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Éirinn agus thar lear. Cuimsítear sa bhailiúchán seo ábhar ón tréimhse tosaigh seo go dtí an bhliain 2018, tráth ar sealbhaíodh é.

Taifid a gineadh i gceanncheathrú Chonradh na Gaeilge atá i gceist le príomhchorpas an ábhair, bíodh is go bhfuil ábhar ann chomh maith a seoladh ar ais chucu ó chraobhacha éagsúla in Éirinn agus thar lear, go háirithe craobh Londan.

Bhí roinnt eagraíochtaí ann sa 19ú céad a chuir fúthu an Ghaeilge a chur chun cinn, ach is é Conradh na Gaeilge an eagraíocht a ghlac ceannaireacht ar an iarracht an Ghaeilge a athbheochan. B’ann dó i rith na mblianta corracha sin roimh Chogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad, agus bhí sé comhaimseartha leis an Saorstát nua, le blianta luatha na Poblachta agus le tréimhse chorrach na dTrioblóidí ó thuaidh, uair ar tháinig ceisteanna chearta an duine agus achrann polaitiúil chun cinn. Is ann don Chonradh i gcónaí, agus staid níos rathúla agus níos seasmhaí bainte amach ag stát na hÉireann. Tugann an t-ábhar seo léargas faoi leith, mar sin, ar chorradh agus 125 bliain de stair na hÉireann, agus b’iomaí ball den Chonradh a bhí gníomhach agus lárnach i gcomhthéacsanna níos leithne.

Bhí baill na heagraíochta gníomhach riamh le cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné den saol laethúil, agus breathnóireacht a dhéanamh uirthi, agus áirítear leis an mbailiúchán mar sin ábhar a bhaineann le reáchtáil ranganna agus imeachtaí, leithéidí fheachtas Seachtain na Gaeilge agus chomórtais an Oireachtais.  Tá ábhar ann chomh maith a bhaineann le foilseacháin i nGaeilge, le comhfhreagras, le gnóthaí, le ranna Rialtais agus le baill den phobal. Rinneadh taighde ar mhionteangacha eile, agus tá torthaí an taighde sin ann freisin. 

Cuimsíonn cuid nach beag den ábhar roinnt feachtas cearta teanga agus tiomsaithe airgid. Bhí ról lárnach ag Conradh na Gaeilge, in éineacht le heagraíochtaí eile, sa dara leath den 20ú haois i bhfeachtais phobail a raibh sé mar thoradh orthu gur bunaíodh staisiúin raidió agus teilifíse Ghaeilge (Raidió na Gaeltachta agus TG4), gur achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla [14 Iúil 2003], agus gur bhain an Ghaeilge stádas amach mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh [1 Eanáir 2007]. I measc na n-ábhar feachtais eile atá sa bhailiúchán, tá doiciméid a bhaineann le cearta príosúnach agus cearta sibhialta i dTuaisceart Éireann, go háirithe i rith thréimhse na Stailceanna Ocrais [1980-1981]. 

*****

Conradh na Gaeilge [The Gaelic League] is an organisation which was founded in 1893 to promote the Irish language in Ireland and abroad and the collection encompasses material from this period through to 2018 when it was accessioned.

The main body of material comprises records generated by Conradh na Gaeilge headquarters, although it also includes material returned to them by various branches in Ireland and abroad, most notably the London branch.

Following on from several 19th century organisations promoting the Gaelic Revival, Conradh na Gaeilge became the main organisation to spearhead the Irish language revival. Its existence has subsequently coincided and overlapped with the revolutionary years leading up to and including the War of Independence, The Civil War and the foundation of the Irish Free State, the early years of the Republic, the turbulent period known as the Troubles which saw human rights issues and political strife come to the fore in Northern Ireland, through to the emergence of a relatively prosperous state. As such the material gives a unique insight into the last 125 years or more of the history of the island of Ireland, with many of its members prominent and active in a wider context.

Over the course of its existence, staff were actively involved in promoting and observing the use of Irish across all aspects of everyday activities, and as such the collection includes material relating to the running of classes and events including the annual Seachtain na Gaeilge campaign and Oireachtas competitions. It also includes material relating to Irish language publications, to correspondence with businesses, Government departments, and members of the general public, and to research carried out on minority languages elsewhere. 

A significant portion of material covers several language rights and fundraising campaigns. In the latter half of the 20th century Conradh na Gaeilge, along with other organisations, was instrumental in community campaigns which led to the creation of Irish language radio and television stations (Raidió na Gaeltachta and TG4 respectively), to the enactment of the Official Languages Act [14 July 2003], and to making Irish an official language of the European Union [1 January 2007]. Campaign material in the collection also includes documents relating to prisoners’ rights and civil rights in Northern Ireland, in particular during the period of the Hunger Strikes [1980-1981].